An Coiste Gaeloideachais

Feidhmíonn Coiste Gaeloideachais an NAPD ar son na scoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta. Tá ochtar againn ar an gCoiste agus tá ionadaithe óna hearnáid éagsúla ina measc.

Bímid ag obair in éineacht le COGG, An Foras Pátrúnachta agus Gaeloideachas. Tagaimid le chéile cúpla uair sa bhliain agus bíonn ár gcruinnithe i gCeannáras an NAPD i mBÁC nó i bPort Laoise. Tagaimid le chéile do Cheardlann uair sa bhliain ag Comhdháil Bhliantúil an NAPD. Tá ionadaí againn ar an gCoiste Comhairleach um Pholasaí Oideachas Gaeltachta freisin.

Is é ceann de na dúshláin is mó atá romhainn ná soláthar múinteoirí lánoilte don teagasc agus inniúil ar an nGaeilge a fhostú inár scoileanna. Chuige sin d’eagraíomar Comhdháil Oideachais maidir leis na deacrachtaí áirithe sin Meán Fómhair 2016. Ó shin i leith tá na dúshláin tar éis méadú agus chuige sin tá leabhrán curtha le chéile againn maidir leis na buntáistí a bheith ag múineadh san earnáil seo, liosta do na scoileanna agus tuairimí ó mhúinteoirí atá ag múineadh sna scoileannna lánGhaeilge faoi láthair.

Ag an gceardlann ag an gComhdháil Bhliantúil Deireadh Fómhair 2018 d’fhéachamar ar na bealaí difriúla gur féidir linn mar scoileanna lánGhaeilge tacaíocht a thabhairt dá chéile agus comhoibriú lena chéile i bhfianaise chúrsaí oideachais atá ag síorathrú. Chuige sin rinne Róisín Ní Mhoráin Beaver – Speisialtóir Tacaíochta Oideachais le Wriggle agus Pádraig Ó Beaglaoich – Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile le COGG cur i láthair maidir le líonra malartaithe a chur ar fáil d’iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Táimid fós ag obair ar an líonra malartaithe seo a bheith ar fáil.

An bhliain roimh sin rinne Seosamh Mac an Iomaire, Edel Ní Arrachtáin agus Phil Fox ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairimiúil do Mhúinteoirí cur i láthair faoin réimse leathan tacaíochta atá ar fáil acu do na scoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta. Sa bhliain 2017 rinne Elaine Ní Neachtain ón CNCM agus an Dr Muiris Ó Laoire Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí, cur i láthair maidir le hobair fhorbartha an CNCM agus na dréacht-sonraíochtaí don tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí.

Beidh eolas faoin gceardlann a bheith ar siúl ag Comhdháil na bliana seo i gCill Chainnigh ar fáil go luath.

Tá fóram idirlín againn gaeloideachas@napd.ie agus tríd sin bímid ag cabhrú lena chéile.

Previous
Previous

Further Education & Training